Dieses Stellenangebot ist nicht mehr verfügbar
Digital Communications Specialist
- Ireland
- Ireland
Über
Find out more about this role by reading the information below, then apply to be considered.
(OF; Buan)
Maidir le BIM
Is comhlacht leathstáit neamhthráchtála é BIM a bunaíodh go foirmiúil faoi reacht (An tAcht Iascaigh Mhara, 1952) agus is gníomhaireacht de chuid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) é. Is é BIM gníomhaireacht Stáit na hÉireann a bhfuil freagracht air as tionscal bia mara na hÉireann a fhorbairt. Tá sé d’aidhm ag straitéis BIM feabhas a chur ar iomaíochas earnáil bia mara na hÉireann trí dhíriú ar na cúig phríomhthosaíocht straitéiseacha seo a leanas: Inbhuanaitheacht, Scileanna, Nuálaíocht, Iomaíochas, Ceannaireacht.
Tá ceithre aonad gnó san eagraíocht: Seirbhísí Teicniúla Bia Mara, Seirbhísí Corparáideacha, Seirbhísí Forbartha agus Nuálaíochta, Seirbhísí Eacnamaíocha agus Straitéiseacha, agus tacaíonn an Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin leo sin. Tá Ceannoifig Bhord Iascaigh Mhara i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. D’fhonn tacú leis an earnáil bia mara, tá cuid d’fhoireann BIM lonnaithe go straitéiseach sna pobail cois cósta a mbíonn siad ag freastal orthu, lena n-áirítear oifigí i nGaillimh agus sna Cealla Beaga. Ina theannta sin, tá dhá Choláiste Náisiúnta Oiliúna BIM lonnaithe sa Chaisleán Nua, Co. Dhún na nGall agus i mBaile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí.
Cur síos gairid ar an Ról
Is deis é seo d’imreoir foirne díograiseach cruthaitheach a bhfuil scileanna agus taithí láidir cumarsáide digiteach aige dul isteach in Aonad Cumarsáide BIM, ag cuidiú le rannpháirtíocht phríomhpháirtithe leasmhara BIM ar na bealaí digiteacha a neartú chomh maith le tionchar dearfach a imirt ar cháil chorparáideach na gníomhaireachta stáit. Beidh taithí ag an iarrthóir a n-éireoidh leis/léi maidir le hábhar digiteach tarraingteach ar ardchaighdeán a fhorbairt agus a léiriú agus maidir le feachtais a phleanáil agus a chur i bhfeidhm ar bhealach straitéiseach chun feabhas a chur ar chumas BIM na príomhaidhmeanna straitéiseacha atá acu a chur in iúl don earnáil bia mara agus do pháirtithe leasmhara eile.
Tuarastal
I gcomhréir leis an Scála Tuarastail atá ceadaithe ag an Roinn Airgeadais don Earnáil Phoiblí, beidh raon tuarastail €38,419 – €62,601 (amhail an 1 Feabhra 2026) i gceist in aghaidh na bliana pro-rata i ndáil leis an am a bheidh oibrithe.
An tSlí chun iarratas a dhéanamh
Ba chóir C.V. iomlán chomh maith le litir iarratais agus foirm iarratais comhlánaithe ina ndéantar cur síos ar thaithí agus scileanna a bhaineann leis an bpost, a sheoladh ar ríomhphost chuig [emailprotected]
Tabhair ar aird nach nglacfar le hiarratais a bheidh déanach.
Is é 16 Márta 2026 an dáta Deiridh a nglacfar le hIarratais. xcfaprz
Tá tuairisc iomlán ar an bpost, agus an fhoirm iarratais atá de dhíth le fáil anseo .
Má bhíonn aon cheist agat nó má eolas breise de dhíth ort, déan teagmháil le [emailprotected] .
Is fostóir comhdheiseanna é BIM, agus táimid tiomanta do chinntiú go bhfuil rochtain iomlán agus chothrom ag gach iarrthóir earcaíochta, mar is féidir a sholáthar le réasún. Má theastaíonn aon tacaíocht nó cóiríocht uait mar chuid den phróiseas earcaíochta, déan teagmháil linn go díreach ag [emailprotected] .
#J-18808-Ljbffr
Sprachkenntnisse
- English
Dieses Stellenangebot wurde von einem unserer Partner veröffentlicht. Sie können das Originalangebot einsehen hier.